Part I: Irish Grammar
Select the best answer.
1. Dúirt sí go
_________________ sí abhaile aréir.
A. téigh
B. dheachaigh
C. deachaigh
D. ndeachaigh
2. Is fear _________ Liam.
A. iad
B. í
C. é
D. sé
3. _____ mbuafá an Crannchur Náisiúnta, cad a dhéanfá
leis an saibhreas a bheadh agat?
A. Dá
B. Dár
C. Má
D. Munar
4. Deir Róisín go bhfuil pionta Guinness __________ .
A. ó í
B. ó sí
C. uaithi
D. di
5. ______ fhuil fhios agam.
A. Char
B. Chan
C. Níor
D. Ní
6. An ______________ tú dinnéar?
A. íosóidh
B. n-íosfaidh
C. íosfaidh
D. íosfar
7. Tá an feirmeoir ag treabhadh _______________ .
A. na páirceanna
B. na bpáirceanna
C. bpáirceanna
D. na bpáirce
8. ____ fear agus ____ bhean.
A. An ... an
B. Na ... na
C. A .... ár
D. I ..... a
9. _______ agus ________ mé i bhfad ón gceantar seo.
A. Rug . . . tóg
B. Rugadh . . . thógadh
C. Rugadh . . . tugadh
D. Rugadh . . . tógadh
10. Tá tranglam tráchta sa _________.
A. tsráideanna
B. sráide
C. tsráid
D. shráid
11. Chonaic mé __________ bhan ar maidin.
A. bheirt
B. dara
C. dó
D. beirt
12. Táim ag dul go dtí an siopa chun _____________.
A. bia a cheannach
B. ceannach bia
C. bhia a ceannach
D. ceannaigh bia
13. An ______ tú go maith?
A. fuil
B. atá
C. bhfuil
D. tá
14. Chaith mé seachtain sa choill ____________ .
A. gan
bhia gan deoch
B. gan
bia gan deoch
C. gan bhia gan dheoch
D. gan bia gan dheoch
15. Thug sé ______ aige dom.
A. gach
rud a raibh
B. a
raibh
C. a
bhí
D. ar bhí
Part II: Irish Grammar
In each Irish sentence, select the one underlined word or phrase that is incorrect .
1. Tá airgead ag Seán, ach níl aon
airgead ag mé .
A. Tá
B. ag
C. ní l
D. ag mé
2. D'inis scéalta seanchais fadó sular
thosaigh an
teilifís ag teacht isteach sna tithe .
A. D'inis
B. seanchais
C. ag teacht
D. tithe
3. Go dtéir tú slán abhaile .
A. Go
B. dtéir
C. tú
D. abhaile
4. Dúirt sé gurb fhearr an scrudú a dhéanamh
anois, dá
mbeadh an t-am againn .
A. gurb
B. fhearr
C. dá
D. againn
5. An thuigeann tú an cheist seo ?
A. thuigeann
B. tú
C. an
D. seo
6. Chonac thas an bithiúnach a mharaigh an
tseanbhean bocht .
A. Chonacthas
B. bithiúnach
C. tseanbhean
D. bocht
7. Tá siad ag bailiú airgead ó mhuintir an
bhaile
dár gcoláiste .
A. siad
B. airgead
C. dár
D. gcoláiste
8. Tá Sráid Uí Chonaill ag mBaile Átha
Cliath.
A. Tá
B. Uí
C. ag
D. Átha
9 . Beidh cúpla fir ag seinm
ceoil sa teach tábhairne
anocht.
A. Beidh
B. fir
C. ceoil
D. tábhairne
10. Chuaigh sí siar go dtí an cósta thiar
ag an deireadh
seachtaine agus tháinig sí anoir i rith na seachtaine .
A. siar
B. thiar
C. anoir
D. rith
11. Cuir an foclóir mór le an
leabhar eile .
A. Cuir
B. foclóir
C. le
D. eile
12. A Sheáin , cá bhfuil do mála
mór.
A. A
B. Sheáin
C. bhfuil
D. mála
13. Ní chonaic mé an pictiúr sa
phictiúrlann aréir .
A. chonaic
B. an
C. sa
D. aréir
14. An bhfaca tú an chéad bean a
shiúil isteach anseo ar maidin ?
A. bhfaca
B. chéad
C. bean
D. maidin
15. Is í mo bheansa an bhean is deisí in Éirinn .
A. í
B. bheansa
C. deisí
D. Éirinn
Part III. Irish Vocabulary
Select the best answer.
1. Táim ag ól caifé ____________ .
A. anois
agus arís
B. gach
lá
C. go
minic
D. anois
2. Léitear _________ leabhar sa choláiste.
A. móra
B. daoine
C. a
lán
D. gur
3. Bhí áthas ________ _______ dea-scéal.
A. fúm
ar
B. orm
faoin
C. agam
faoi
D. agam leis
4. Tá __________ agam ar Sheán agus ar Mháire.
A. aithne
B. eolas
C. fios
D. bá
5. Sin é an fear _________ mé ag caint leis aréir.
A. a
bhí
B. dá
bhí
C. a
raibh
D. lena bhí
6. Nuair a bhí sé ag imeacht uaim d'fhág sé slán agus
beannacht ________.
A. leat
B. orm
C. dom
D. agam
7. Cuir ____________ an t-im le do thoil.
A. dom
B. i
leith
C. chugam
D. orm
8. An bhfuil sí in ann _____________?
A. carr
a thiomáint
B. tiomáint
carr
C. ag
tiomáint cairr
D. carr
ag tiomáint
9. Cén t-am é? Tá sé ______________ a haon
a'chlog.
A. ag
déanamh
B. mór
nach
C. in
D. beagnach
10. Cá bhfuil iníon ___________________?
A. mná an tigh
B. mná
na tí
C. bhean
an tí
D. bean
an tigh
Part IV. Irish Reading Comprehension
Read the Irish text and select the best answers for the questions.
Leabhar nua sa tsraith:
Rugadh Pilib Ó Laoghaire i Worchester, Massachusetts. Bhain sé céim dhochtúireachta
sa Léann Ceilteach amach in Ollscoil Harvard, agus tá sé ina léachtóir le litríocht
Éireannach i mBoston College faoi láthair. D'fhoilsigh sé cuid mhaith aistí agus
léirmheasanna ar ghnéithe éagsúla de
thraidisiún liteartha na hÉireann ó na meánaoiseanna i
leith. Foilsíodh leabhar tábhachtach scoláireachta leis,
The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921: Ideology and Innovation in
1994. Is é Gearóid Denvir eagarthóir na sraithe Aistí Léirmheasa.
1. Cár bhain sé céim dhochtúireachta amach?
A. Worcester, Masssachusetts.
B. Boston College.
C. Ollscoil.
D. Ollscoil Harvard.
2. Cén tslí bheatha atá ag Pilib Ó Laoghaire faoi láthair?
A. Is léachtóir é.
B. Is scríbhneoir é .
C. Is Éireannach é .
D. Is scríobhneoir é .
An tseachtain seo caite casadh an file oirirc Nuala Ní Dhomhnaill orm
in NYU. Tá Nuala ina hOllamh
Cuartaíochta i Meiriceá faoi láthair agus tugann sí cúpla
lá i Nua Eabhrac agus i mBoston College gach seachtain. Nuair a bhíos ar an traein ag
dul abhaile, bhí mé ag smaoineamh ar Nuala agus ar an taisteal, ar na ceoltóirí
ag teacht ó chian agus ó chóngar agus ar fhoirne Dhaltaí
na Gaeilge. Dar fia, arsa mise liom féin, ní rud nua atá
againn anseo ach seanrud.
Idir na blianta 1200 agus 1600 bhíodh sé de nós ag an Aos Dána - na filí, na
ceoltóirí agus a lucht friothála - taisteal ó
áit go háit sa domhan Gaelach. Measaim go bhfuil an rud céanna ag tárlú arís ach go
bhfuil an domhan Gaelach i
bhfad níos mó.
--adapted from Irish Echo
3. Cé leis ar bhuail an t-údar sa chathair?
A. Aos dána .
B. Fear oirirc.
C. Nuala Ní Dhomhnaill .
D. Foirne Dhaltaí na
Gaeilge .
4. Cad a cheapann an t-údar faoin domhan Gaelach?
A. Gur rud nua é.
B. Nach rud nua é, ach
gur seanrud seanchaite é.
C. Nach rud nua é, ach
go bhfuil sé níos lú.
D. Nach rud nua é, ach
go bhfuil sé níos mó.
Ar an deichiú Bealtaine míle naoi déag agus a daichead a
trí, phléasc mianach cogaidh ar thrá Bhaile Mhanais in iarthuaisceart Thír Chonaill a
mharaigh 19 fear óg as an cheantar a bhí i measc scaifte a bhí ag baint suilt as
tráthnóna breá cois farraige. Cothrom an lae sin i
mbliana tháinig bunadh Bhaile Mhanais agus na mbailte fearainn sa cheantar a chaill
daoine sa tragóid le cheile
ar an trá le leacht cuimhneacháin a nochtadh agus Aifreann
a cheiliúradh dóibh siúd a maraíodh. Níos luaithe ar an lá tragóideach sin thug na
fir agus daoine eile as an cheantar faoi deara go raibh rud éicint ag snámh amuigh san
fharraige agus é ag teacht i dtreo na trá. Choinnigh siad
súil air le linn an tráthnóna agus nuair a bhí sé measartha cóngarach don trá
tharraing siad isteach le rópa é.
Phléasc sé ansin.
--adapted from Foinse
5. Cén uair a tharla an eachtra seo?
A. I mbliana .
B. Dhá bhliain roimh
1945 .
C. I mBealtaine 1945 .
D. Ar thrá Bhaile Mhanais.
6. Céard a rinneadh chun an ócáid a chomóradh?
A. Tháinig na daoine le
chéile.
B. Bhí scaifte ag baint
suilt as tráthnóna breá cois farraige.
C. Ceiliúradh Aifreann agus
nochtadh leacht cuimhneacháin ar an trá.
D. Tharraing siad
isteach le rópa é.
7. Céard a thug na daoine faoi deara? Thug siad faoi
deara .....
A. go bhí rud éigin ag
snámh san uisce.
B. go raibh rud éigin ag
snámh san fharraige.
C. go raibh fir agus daoine
eile as an gceantar ann.
D. go bhí 19 fear óg marbh
ar an trá.
Is é An Fear Marbh an chnuasach nua ó Cholm
Breathnach. Is sraith de dhánta dá athair í. Cailleadh a
athair, Seán, sa bhliain 1979. Sna dánta seo, déanann an
file plé ar shaol a athar, ar an gcaidreamh a bhí idir é féin agus a athair agus ar
bhás a athar agus tríd sin déanann
sé plé chomh maith ar an mbás féin. I gCarraig Ruacháin,
i gContae Chorcaí a rugadh agus a tógadh Colm
Breathnach. Tá cónaí air féin agus ar a bhean le roinnt
mhaith blianta i gContae Chill Dara. Chaith sé tamall ag
obair leis an gCoiste Téarmaíochta sa Roinn Oideachais
i mBaile Átha Cliath agus tá sé anois ag obair mar
aistritheoir le rannóg an Aistriúcháin in Oireachtas Éireann. Dhein an t-ealaíontóir
Tomás Ó Cíobháin maisiú ar an leabhar le sraith de líníochtaí pinn agus is é a
dhein an
pictiúr clúdaigh chomh maith. Tugadh aitheantas don
leabhar seo sa chomórtas filíochta a reachtáil Cló Iar-Chonnachta i 1997.
8. Cé a fuair bás i 1979?
A. Colm Breathnach .
B. An tAthair Seán .
C. Seán Breathnach .
D. Athair, Seán.
9. Céard a fuair an leabhar ó Chló Iar-Chonnachta?
A. Maisiú .
B. Aitheantas.
C. Moladh .
D. Líníochtaí pinn .
10. Cé leis a bhfuil an file ina chonaí ?
A. Le roinnt bhlianta
anuas.
B. I gCarraig
Ruacháin.
C. I gContae Chill Dara.
D. Lena bhean chéile.
When you have answered all questions, press the Evaluate button to see you score on this Irish test.
To start this Irish test over, press the Reset button.